Fágáil agus Bailiú
Paisinéirí a fhágáil
![T1 Departures Drop off T1 Departures Drop off](/images/default-source/gaeilge/t1-depts-drop-offd95eb0486b2c4d2e9d5b9dc4e087451f.jpg?sfvrsn=e23acf6d_4)
Soláthraíonn Aerfort Bhaile Átha Cliath criosanna ainmnithe tuirlingthe do dhuine ar bith a bhfuil fonn air/uirthi paisinéirí a fhágáil le haghaidh eitilte. Tá na criosanna sin lonnaithe lasmuigh de Chríochfort 1 agus de Chríochfort 2. Ba cheart do thiománaithe na comharthaí le haghaidh Eitiltí Amach Chríochfort 1 nó Eitiltí Amach Chríochfort 2 a leanúint chun na limistéir thuirlingthe sin a rochtain. Tabhair faoi deara gur lom láithreach a tharraingeofar carranna nach bhfuil aon duine ina mbun ar mhaithe le slándáil agus sábháilteacht paisinéirí a choinneáil.
Paisinéirí a bhailiú
![Meet and Greet Arrivals Hall Terminal 1 Meet and Greet Arrivals Hall Terminal 1](/images/default-source/gaeilge/meet-and-greet-arrivalse600a1b03e2447de9b285e4fad175d21.jpg?sfvrsn=47601ada_4)
Bain úsáid as ár gCarrchlóis Ilstóracha ghearrthéarmacha nuair atá tú ag bailiú paisinéirí. Tá cuaillí eolais soiléire ann do na carrchlóis sin feadh an bhealaigh isteach chuig Críochfort 1 agus Críochfort 2. Tosaíonn na rátaí in aghaidh na huaire ó €3.
Feithiclí nach bhfuil aon duine ina mbun
![Dublin Airport Vehicle Outside T2 Departures Dublin Airport Vehicle Outside T2 Departures](/images/default-source/gaeilge/daa-vehicle-outside-t2-depts7d4ae9d5473341fd8cc01a68d75792ef.jpg?sfvrsn=14df3b11_4)
Ar mhaithe le slándáil agus sábháilteacht paisinéirí a choinneáil, níor cheart feithiclí a fhágáil gan aon duine ina mbun am ar bith. Déanfaidh Póilíní an Aerfoirt aon fheithicil a fhágtar gan aon duine ina bun a chlampáil nó a tharraingt. Gearrtar táille €140 as an bhfeithicil a fháil ar ais. Mura mbailítear an fheithicil ar an lá a tharraingítear í, gearrfar táille €35 sa bhreis as gach lá breise a stóráiltear í.
Saoráidí Breise
McDonald’s Drive-Thru
Ar Oscailt 24 hUaire sa Lá
www.mcdonalds.ie
Is féidir le custaiméirí réamhordú ar cheithre scáileán i limistéar an chuntair sula mbailíonn siad a gcuid bia agus sula dtéann siad chuig tábla. Cuireann an bhialann rochtain Wi-Fi ar an Idirlíon ar fáil do chustaiméirí saor in aisce.
Circle K
Ar Oscailt 24 hUaire sa Lá
www.circlek.ie
Tugann Circle K faisnéis bheo faoi Eitiltí Amach/Isteach chun daoine atá i mbun taistil a choinneáil ar an eolas. Chomh maith leis sin, soláthraíonn sé caifé agus deilí bia the, rochtain Wi-Fi ar an Idirlíon, luchtú feithiclí leictreacha, niteoir carranna agus saoráid ‘íoc ag an gcaidéal’.