I dTacsaí
Chuig Aerfort Bhaile Átha Cliath
Déanfar paisinéirí atá ag taisteal i dtacsaí a fhágáil sa chlós atá lonnaithe go díreach lasmuigh de Chríochfort 1 nó de Chríochfort 2.
Ba chóir do phaisinéirí na comharthaí tacsaí a leanúint ó Chríochfort 1 agus 2 go dtí na stadanna tacsaithe lasmuigh de Chríochfort 1 agus 2. Tá riarthóir tacsaithe ann ag an dá stad má tá tuilleadh eolais nó cúnaimh uait.
Teidlíochtaí paisinéirí tacsaí
Tá tú i dteideal na nithe seo a leanas mar phaisinéir i dtacsaí:
- Tacsaí a fháil le haghaidh turas atá 30 km ar fad ar a mhéad
- A éileamh go ríomhtar gach táille ar an méadar tacsaí
- Admháil arna priontáil ag an méadar tacsaí
- Feithicil ghlan agus turas deas
Ó Aerfort Bhaile Átha Cliath
Tá tacsaithe ar fáil ó na clóis atá lonnaithe go díreach lasmuigh de Chríochfort 1 agus de Chríochfort 2. Ba cheart do phaisinéirí comharthaí Tacsaí a leanúint chuig na stadanna tacsaithe ainmnithe. Tá riarthóir tacsaithe ar fáil ag an dá stad tacsaithe chun aon fhaisnéis bhreise nó aon chúnamh breise a theastaíonn uait a chur ar fail.
Faisnéis Táillí a Thaispeáint
Tá ceangal ar thiománaithe tacsaí ceadúnaithe faisnéis do phaisinéirí, lena n-áirítear cearta agus freagrachtaí agus faisnéis táillí, a thaispeáint ar thosach na feithicle agus ar a cúl. Is é an Coimisiún um Rialáil Tacsaithe a sholáthraíonn an fhaisnéis sin. Ní mór do gach tiománaí tacsaí ceadúnaithe a gcárta aitheantais tiománaí a thaispeáint in áit fheiceálach don chustaiméir.
Gearán a Dhéanamh Faoi Tháille Tacsaí
I gcás díospóide faoi tháille, faoi iompar tiománaí nó faoi riocht nó ghlaineacht feithicle, ba cheart do chustaiméir an táille a thaispeántar ar an méadar a íoc, lena n-áirítear breiseanna, a chinntiú go bhfaigheann sé/sí admháil phriontáilte, agus gearán foirmiúil a dhéanamh. Imscrúdóidh an Coimisiún um Rialáil Tacsaithe an gearán sin de réir mar is cuí.
Más mian leat gearán foirmiúil a dhéanamh, iarr foirm gearáin ach glao a chur ar líne faisnéise an Údaráis Náisiúnta Iompair ar + 353 76 1064000. Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil.