Sa charr
Ár dtreoir maidir le paisinéirí a bhailiú agus a fhágáil
Paisinéirí a fhágáil
Soláthraíonn Aerfort Bhaile Átha Cliath criosanna ainmnithe tuirlingthe do dhuine ar bith a bhfuil fonn air/uirthi paisinéirí a fhágáil le haghaidh eitilte. Tá na criosanna sin lonnaithe lasmuigh de Chríochfort 1 agus de Chríochfort 2.
Ba cheart do thiománaithe na comharthaí le haghaidh Eitiltí Amach Chríochfort 1 nó Eitiltí Amach Chríochfort 2 a leanúint chun rochtain a fháil ar na limistéir thuirlingthe sin.
Tabhair faoi deara gur lom láithreach a tharraingeofar carranna nach bhfuil aon duine ina mbun ar mhaithe le slándáil agus sábháilteacht phaisinéirí.
Paisinéirí a Bhailiú
Bain úsáid as ár gCarrchlóis Ilstóracha ghearrthéarmacha nuair atá tú ag bailiú paisinéirí. Tá cuaillí eolais soiléire ann do na carrchlóis sin feadh an bhealaigh isteach chuig Críochfort 1 agus Críochfort 2. Tosaíonn na rátaí in aghaidh na huaire ó €3.
Feithiclí Nach Bhfuil Aon Duine Ina mBun
Ar mhaithe le sláindáil agus sábháilteacht phaisinéirí, ní cóir feithiclí a fhágáil gan aon duine ina mbun ag am ar bith. Déanfar a leithéid d’fheithiclí a chlampáil nó déanfaidh Póilíní an Aerfoirt iad a tharraingt. Gearrfar táille €140 chun feithicil a fháil ar ais. Mura mbailítear an fheithicil ar an lá a tharraingítear í, gearrfar €35 sa bhreis as gach lá breise a bheidh an fheithicil á coimeád.
Saoráidí Breise
McDonald’s Drive-Thru
Ar Oscailt 24 hUaire sa Lá
Is féidir le custaiméirí réamhordú ar cheithre scáileán i limistéar an chuntair sula mbailíonn siad a gcuid bia agus sula dtéann siad chuig tábla. Cuireann an bhialann rochtain Wi-Fi ar an Idirlíon ar fáil do chustaiméirí saor in aisce.
Circle K
Ar Oscailt 24 hUaire sa Lá
Tugann Circle K soláthraíonn sé caifé agus deilí bia the, meaisín bainc, rochtain Wi-Fi ar an Idirlíon, luchtú feithiclí leictreacha, niteoir carranna agus saoráid ‘íoc ag an gcaidéal’