Empty Link Skip to Content
Search Menu

Ceisteanna Coitianta faoi Shlándáil Aerfoirt

Sábháil roinnt ama sa limistéar scagtha slándála trí bheith ullamh agus trí eolas a ghnóthú ar na nithe ba cheart a dhéanamh:

  • Bain ríomhairí glúine agus trealamh mór leictreach eile amhail feistí iPad agus Kindle de do mhálaí agus cuir i dtráidirí iad
  • Is féidir míreanna beaga miotail amhail eochracha, boinn agus fóin phóca a chur i do bhagáiste láimhe nó i bpócaí do chóta (atá sa tráidire). Má choinníonn tú iad i bpócaí aon éadaigh atá ort, gníomhachtóidh tú an trealamh slándála, rud a chuirfidh moill ar do thuras
  • Déan cinnte de go bhfuil gach leacht, aerasól agus glóthach i gcoimeádáin nach mó a dtoilleadh ná 100 ml. Cuir iad i mála plaisteach aonair atá trédhearcach agus inséalaithe agus nach mó a dtoilleadh ná 1 lítear (thart ar 20 cm x 20 cm). Ní mór an mála a bheith dúnta go hiomlán agus curtha sa tráidire ar leithligh ó do bhagáiste eile
  • Má iarraimid ort do bhróga a bhaint díot, ba cheart duit iad a chur sa tráidire freisin
  • Bí ullamh le dul tríd an mbealach áirseach slándála nuair a iarraimid ort teacht ar aghaidh
  • Uisce agus deochanna, anraithí agus síoróipí eile
  • Cineálacha taois, lena n-áirítear taos fiacla
  • Uachtair, lóiseanna agus olaí, lena n-áirítear balsam béil agus maothóirí
  • Cumhráin
  • Smideadh, lena n-áirítear béaldathanna agus cineálacha mascára
  • Spraeanna, lena n-áirítear lóis ghréine
  • Glóthacha, lena n-áirítear glóthacha gruaige agus glóthacha cithfholctha
  • A bhfuil i gcoimeádáin bhrúchóirithe, lena n-áirítear sobal bearrtha, sobail eile agus díbholaígh
  • Meascáin de leachtanna agus solaid
  • Aon mhír eile ag a bhfuil raimhre den chineál céanna

Seiceáil isteach i gcónaí aon leacht ar mó a thoilleadh ná 100 ml agus, má tá tú éiginnte faoi cé acu a cheadófar mír ar bith nó nach gceadófar, seiceáil isteach í i do bhagáiste boilg.

Tá. Ní ceadmhach uisce atá i gcoimeádán ar mó a thoilleadh ná 100 ml a thabhairt tríd an limistéar slándála.

Is féidir. Is ceadmhach do phaisinéirí cógais riachtanacha agus riachtanais chothaithe a thabhairt i bhfoirm leachta trí na pointí scagtha sna méideanna a bheidh ag teastáil le linn a dturais. Is féidir go n-éileofar ar phaisinéirí a thaispeáint gur chun críocha dílse atá na nithe atá á n-iompar acu. Is féidir go mbeidh tuilleadh scagtha ag teastáil.

Ní ceadmhach ach leachtanna a thabhairt i gcoimeádáin nach mó a dtoilleadh ná 100 ml agus ar féidir leo bheith istigh i mála plaisteach trédhearcach aon lítir (thart ar 20 cm x 20 cm) go réidh agus é dúnta go hiomlán. Ba cheart an mála trédhearcach sin a chuimsíonn coimeádáin 100 ml a chur i láthair ansin sa limistéar scagtha slándála do phaisinéirí. 

Is féidir. Molaimid go mór duit déanamh amhlaidh. Ní mór an mála a bheith trédhearcach agus in-athshéalaithe (thart ar 20 cm x 20 cm.) Tá na málaí sin ar fáil sa chuid is mó d’ollmhargaí áitiúla.

Ba cheart tuaslagán lionsaí tadhaill a phacáil isteach sa bhagáiste seiceáilte isteach. Más gá duit tuaslagán lionsaí tadhaill a iompar i do bhagáiste láimhe, ba cheart é a bheith i gcoimeádán nach mó a dtoilleadh ná 100 ml agus ba cheart é a chur i láthair i mála trédhearcach aon lítir ag an bpointe scagtha slándála do phaisinéirí.

Is féidir, ar choinníoll go bhfuil na míreanna sin i gcoimeádáin nach mó a dtoilleadh ná 100 ml agus go gcuirtear i láthair iad ar leithligh i mála trédhearcach aon lítir ag an bpointe scagtha slándála do phaisinéirí. Mura bhfuil sé riachtanach na míreanna sin a úsáid le linn d’eitilte, molaimid go mór duit iad a phacáil isteach i do bhagáiste seiceáilte isteach.

Is féidir. Is féidir leat leachtanna agus substaintí eile a chumhdaítear leis na rialacháin a cheannach fós, beag beann ar mhéid an choimeádáin, lastall den phointe scagtha slándála agus ar bhord eitiltí aerlínte Eorpacha. Déanfaidh pearsanra an tsiopa nó na foirne leachtanna agus glóthacha arna gceannach tar éis an phointe scagtha slándála nó ar bhord d’eitilte a phacáil agus a shéalú duit i mála a léiríonn má sháraítear é, de réir mar is gá.

Is féidir. Déanfaidh pearsanra an tsiopa na táirgí sin a phacáil agus a shéalú duit i mála a léiríonn má sháraítear é, de réir mar is gá.

Más rud é go n-imíonn an chéad eitilt ó aerfort san Aontas Eorpach agus go gceannaítear míreanna lastall de na pointí slándála do phaisinéirí, cuirfear na leachtanna sin i mála a léiríonn má sháraítear é, rud a fhágfaidh go mbeidh siad ag teacht le rialacháin an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is féidir le paisinéirí na leachtanna sin a thabhairt ar bhord a nasceitilte, fad is go bhfuil na míreanna sin pacáilte fós i mála a léiríonn má sháraítear é. Más ó thír lasmuigh den Aontas Eorpach a imíonn an chéad eitilt, ní bheidh na míreanna ag teacht leis na rialacháin nua mar gurb amhlaidh nár cuireadh iad i mála a léiríonn má sháraítear é. Beidh paisinéirí idir dhá thuras faoi réir na rialachán slándála nua sin ón Aontas Eorpach nuair a théann siad trí aerfort san Aontas Eorpach.

Níl. Is Rialachán ón Aontas Eorpach é sin (Rialachán (CE) Uimh. 1546/2006) ar ghlac an Coimisiún Eorpach é. Baineann sé le Slándáil Eitlíochta. Tháinig na rialacha sin in éifeacht ag aerfoirt gach Ballstáit den Aontas Eorpach.

Faoi rialacháin nua an Aontais Eorpaigh maidir le slándáil eitlíochta, ní féidir coimeádáin ar mó a dtoilleadh ná 100 ml a thabhairt tríd an bpointe scagtha slándála do phaisinéirí agus ní mór iad a thabhairt suas

Beidh, ar choinníoll go bhfuil siad slán fós sa mhála a léiríonn má sháraítear é agus go bhfuil an admháil ann. Glacfar leis an gcleachtas sin ag gach aerfort san Aontas Eorpach.

Sign up now and get 10% off your next purchase on theloop.ie

As well as other great airport offers, discounts and news.

  • Be the first to hear about competitions and special offers
  • Receive regular updates and news about Dublin Airport
  • Enjoy 10% off your next purchase on theloop.ie
  • Be the first to hear about competitions and special offers
  • Receive regular updates and news about Dublin Airport
  • Enjoy 10% off your next purchase on theloop.ie