Seicliosta Slándála
Céim 1: Scagadh bagáiste láimhe

- Cuir ríomhairí glúine agus míreanna móra leictreacha i dtráidire ar leithligh
- Coinnigh boinn, eochracha, fóin phóca agus míreanna beaga eile i do chóta nó i do bhagáiste láimhe
- Cuir do bhagáiste láimhe agus do chóta i dtráidire
- Cuir sa tráidire aon mhíreanna leachtacha (féach Rialacháin an Aontais Eorpaigh maidir le Leachtanna) atá curtha i mála go cuí
- Déanfar cuardach láimhe críochnúil ar naíchóistí, ar chathaoireacha rothaí agus ar áiseanna siúil agus déanfar scagadh breise orthu
- Beidh tú in ann an próiseas a bhrostú go mór agus agaí feithimh a laghdú má tá na míreanna sin ullamh agat a mhéid is féidir sula mbaineann tú an seicphointe scagtha amach
Céim 2: Dul tríd an mbrathadóir miotail

- Téigh go tapa tríd an mbrathadóir miotail nuair a chuireann an ball den fhoireann slándála in iúl duit gur cheart duit déanamh amhlaidh
- Má chuireann an brathadóir miotail an t-aláram ar siúl, déanfar cuardach coirp ort, tar éis duit do chead a thabhairt, chun an mhír a dhúisigh an t-aláram a shainaithint
- Is féidir go gcuirfidh an brathadóir miotail an t-aláram ar siúl má roghnaítear go randamach thú chun dul faoi sheiceáil ETD (brath rianta pléascán)
- Chun am a shábháil, dá bhrí sin, tá sé inmholta gach mír mhiotail a bhaint díot agus iad a chur sa tráidire lena scagadh, nuair is féidir
Céim 3: Scagadh Leantach Láimhe
cc0f428b73386836b47fff0000600727.jpg?sfvrsn=59bfcc0b_4)
- Mura féidir mír i do bhagáiste láimhe a shainaithint go réidh le linn scagadh, déanfar cuardach leantach láimhe os do chomhair ar a bhfuil sa mhála
- Is é atá i gceist leis go n-osclaítear an mála agus go sainaithnítear an mhír i gceist
- Déanfar aon leachtanna nár baineadh den bhagáiste roimh scagadh a bhaint den bhagáiste seiceáilte agus, más ceadmhach, athscagfar iad ar leithligh ón mbagáiste
- Má tá ceamaraí, ríomhairí glúine nó gléasanna móra leictreacha eile nár bhain tú roimh scagadh á n-iompar agat, iarrfar ort iad a bhaint de do bhagáiste le haghaidh athscagadh ar leithligh
- Is féidir go roghnófar do mhála go randamach chun dul faoi sheiceáil ETD (brath rianta pléascán)